Osclaíonn an Taoiseach Scéim Mhótarbhealach an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh go hoifigiúil

Osclaíodh seachbhóthar mótarbhealaigh nua an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh go hoifigiúil inniu don trácht.

 
Tá trí stráice nua bóthair sa Scéim Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh: príomhbhóthar an M11/N11, débhealach an N30 agus príomhbhóthar an N30. Beidh laghduithe thart ar 15 nóiméad ar amanna taistil mar thoradh ar an scéim ar an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Loch Garman i rith amanna seachbhuaice agus laghduithe 30 nóiméad i rith buaic-amanna.


Chosain sé €400 milliún agus tá na 39 ciliméadar de mhótarbhealach an M11 agus na bóithre gaolmhara á dtógáil ó Eanáir 2016 ar aghaidh agus críochnaíodh iad de réir an sceidil agus rinneadh 1,850,000 saothar uaire duine ar an láthair i rith thréimhse na tógála. Rinne seandálaithe ó TVAS (Ireland) Ltd. 129 suíomh seandálaíochta nach raibh cur amach orthu roimhe seo a aimsiú agus a thochailt. Cuireadh an taifead ar an tseandálaíocht seo a aimsíodh i gcomhad go mbeidh an pobal in ann breathnú air ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.


Bhí an Taoiseach Leo Varadkar, T.D., i bhfeighil oscailt Scéim CPP an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh i láthair an Uasail Cormac O’Rourke Cathaoirleach BIÉ agus an Comh. Michael Sheehan, Cathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman.


Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, T.D., an méid seo a leanas nuair a bhí an mótarbhealach á oscailt go hoifigiúil aige, “Tugann oscailt mhótarbhealach an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh le fios, arís eile, go bhfuiltear ag tabhairt faoi chlár caipitil phoiblí an Rialtais a sholáthar.  Stráice de bhonneagar iompair den chéad scoth é Mótarbhealach an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh.  Gabhaim buíochas le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal seo a sholáthar go héifeachtúil agus guím turas sábháilte ar gach duine a thaistealaíonn ar an mbóthar.”

 

Déanfaidh an seachbhóthar brú tráchta seasta a mhaolú a thaistealaíonn trí bhaile Inis Córthaidh, agus meastar go dtiocfaidh laghdú 6,000 feithicil ar an trácht gach lá. Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman, Michael Sheehan, go mbaineann tábhacht leis an ngréasán bóithre nua ní hamháin d’Inis Córthaidh ach don contae agus don oirdheisceart ina iomláine, “Garsprioc mhór é oscailt an mhótarbhealaigh nua i scéal Loch Garman. Fáiltímid roimh fhorbairt, borradh agus infheistíocht a dhéanamh mar gheall nach bhfuil Baile Átha Cliath i bhfad i gcéin uainn. Cuireann seo deiseanna nua ar fáil d’Inis Córthaidh chun dul i mbun fairsingiú, chun lár an bhaile a athbheochan agus chun deis nua a thabhairt don chontae trí chéile chun a scéal a insint agus cló nua a chur air féin i measc pobal nua. Is é an dúshlán atá roimh an nglúin seo - dúshlán nach mór dúinn a uasmhéadú agus an tairbhe is mó a bhaint as.”


Tá caoga a seacht struchtúr nua sa scéim, ocht dtardhroichead, cúig dhroichead faoin mbóthar, tríocha a haon íosbhealach freastail ar fheirmeacha, agus trí dhroichead Abhann Iarnróid ina measc. 


Dúirt Cormac O’Rourke, Cathaoirleach BIÉ, “Garsprioc thábhachtach eile é críochnú mhótarbhealach an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh chun ár mbonneagar bóithre náisiúnta a nuachóiriú.  Cuirfidh sé feabhas ar shábháilteacht úsáideoirí bóithre agus cabhróidh sé leis na hacmhainní a chur ar fáil do réigiún thoir theas na tíre chun borradh geilleagrach a bhainistiú i bhfad amach anseo.”


Bhí saineolaithe ó Éirinn, an Ísiltír agus an Spáinn páirteach sa scéim mhór tógála bóithre seo. Bhunaigh Royal BAM Group, a bhfuil a cheanncheathrú san Ísiltír agus rannáin Dragados agus Iridium de ACS Group na Spáinne, a bhfuil a cheanncheathrú i Maidrid cuibhreannas taithíoch chun an tionscadal seo a sholáthar.  Mar gheall gur imir an Spáinn tionchar chomh mór sin ar an tionscadal, bhí gliondar croí ar Ambasadóir na Spáinne le hÉirinn, a Shoilse, an tUasal IIdefonso Castro chun freastal ar an oscailt oifigiúil. 
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman, Tom Enright, “Déanfaidh an síneadh 27 ciliméadar ó dheas a cuireadh le mótarbhealach an M11 amanna taistil a laghdú go mór, feabhsóidh sé sábháilteacht tráchta agus meallfaidh sé fostaíocht agus infheistíocht isteach go Contae Loch Garman agus baile Inis Córthaidh, ach go háirithe”.


Roghnaíodh triúr ealaíontóirí chun amharc-ealaín a sholáthar ar an mbealach chun tabhairt faoi thionscadail amharc-ealaíne faoin Scéim Per Cent for Art. Tá taispeántais phoiblí le bheith ar siúl idir Iúil agus Samhain 2019.